Sunday, November 26, 2006

fágtha ag tochas mo mhullaigh

goidé faoi dhia a tharla aréir? ragairne! sin é, chuaigh mise ar ragairne. cá h-áit a bhfuil an aspirin? agus cad é an dochar atá déanta agam?

Tuesday, November 21, 2006

sPraoi Qeilteach

seo píosa beag eile na Briotánaise a thaitin liom:

os cionn = ouzhpenn

is ar éigean a aithneofá an focal, ach tá siad iontach cosúil lena chéile actually.


bhuel, sin an méid, is dóigh. rang thar a bheith suimiúil a bhí againn don chéad uair inniu... imdhíoneolaíocht. ceapaim go mbainfidh mé an-sult as. níl faic ar siúl agam amárach...beidh mé istigh sa chaife ag foghlaim na briotánaise, mar sin. nach aoibhinn beatha an scolaire ;)

Thursday, November 09, 2006

tá mé saor!

bhuel, tá mo chuid scrúdúithe críochnaithe agam, agus anois níl a fhios agam goidé a dhéanfaidh mé le mo chuid ama! tá ranganna ar siúl fós ach ní bheidh an iomarca oibre i gceist. bhí mé ag smaoiteamh ar teanga cheilteach eile a fhoghlaim. tá cuid mhaith oibre déanta agam ar an bhriotánais cheana féin, agus tá mé an-tógtha leis, caithfidh mé a rá. tá cúpla leabhar faighte ar iasacht agam ón leabharlann, agus tá sé an-suimiúil ar fad. tá an grammadach iontach cosúil leis an ghaeilge ach amháin go bhfuil na focail difriúil. agus an rud atá iontach suimiúil: P-celtic agus Q-celtic, mar shampla:

Q (gaeilge): mac, ceann, gach, cúig, gearr
P (briotánais): mab, penn, pep, pemp, berr

focal eile atá cosúil lena chéile:
cú = ki
aimsear = amzer
leabhar = levr
teach/tigh = ti
eile = all
buachaill = bugel
ar bith = ebet
srl.

seachas an bhriotánais, tá mé ag líonadh mo chuid ama le "desperate housewives" dvds, cócaireacht, "an béal bocht" le myles na gcopaleen, agus cúlchaint ar an teileafón ;)

bhuel, le cúnamh Dé, beidh mé ag postáil anseo níos minice . ar ais liom chuig an teilifís anois....

Saturday, September 23, 2006

oíche dheas chiúin

gloine fíona dearg...cúpla coinneal ar lasadh...mo chuid staidéar an lae i mo dhiaidh. lá iontach a bhí ann inniú....iontach réchúiseach ach productive fós. chaith mé roinnt uaire ag an chaife ag staidéar, ag amharc ar na daoine a 'dhul thart ar an tsráid... scéal éagsúil ag gach ceann acu. mise ag iarraidh cúléisteacht leis na daoine ina suí im' thimpeall idir babhtaí concentration. 4 seachtaine go dtí na scrúdúithe.

Thursday, September 21, 2006

ag léim leis na cailíní gorma...

mise ag foghlaim double-dutch an deireadh seachtaine seo caite

ar ais....

is fada ó d'amharc mé ar mo bhlog féin! bhuel, ceapaim go bhfuil mé réidh chun tosú arís air, ach bhí orm na posts eile a chaitheamh amach. ní mise an duine céanna anois (agus níor chóir domh a bheith!) agus is tús nua atá ag teastáil uaim.

bhain sé "geit" asam nuair a chonaic mé gur fhág daoine comments ar mo bhlog. agus níor chreid mé go mbeadh an blog seo á léamh ag duine ar bith sa domhan! ar scor ar bith, go raibh maith agaibh as bhur gcuid teachtaireachtaí agus bhur gcuid molta.

lá deas báistiúil a bhí agam inniu. nuair a dhúisigh mé, chuala mé an báisteach ag titim...'s ag titim...ag damhsa go h-éadrom in aice leis an fhuinneog... agus bhí sé fuar...fuar mar mhaidin geimhridh. mar sin d'fhan mé sa leaba agus thosaigh mé ag staidéar istigh ansin ar feadh tamaill fhada....sin é a rá...go dtí go dtáinig ocras ormsa agus nach raibh an dara rogha agam ach mo thóin leisciúil a tharraingt amach as an leaba agus mo "bhricfeasta" a dhéanamh domh féin ag a 2 a chlog sa trathnóna.

lá báistiúil ciúin.

scar mise agus mo bhuachaill óna chéile cúpla seachtain ó shin agus tá mé fós getting used to an méid ama saor atá agamsa anois. bhí muid le chéile le níos mo ná bliain agus is am iontach a bhí ann, ach chuaigh sin thart, agus chun an fhírinne a rá, chuireann sé iontas orm go bhfuil mé chomh sásta is atá mé faoi láthair. gan strus, gan obligation, iontach saor agus neamhspleách... giota beag uaigneach b'fhéidir, ach sásta cinnte.

ar aon chaoi, beidh mise agus mo chara kyle, a scar óna bhuachaill féin an tseachtain seo caite, a' dhul amach oíche amárach chun leas a bhaint amach as ár neamhspleáchas nua... óiche on the prowl atá i gceist. déardaoin bíonn ceol ar dóigh ar siúl ag lick, bar leispiach...ach ar an oíche sin bíonn achan sórt duine ann...cailíní, leaids, aerach, straight...chuile shórt faoin spéir. chuala mé go bhfuil an-craic ann....fan go bhfeicfidh muid.

anois, tá sé ag éirí déanach...ceapaim gur chóir domh a dhul a luí. déanfaidh mé mo dhícheall post a scríobh anseo níos minice, ach cá bhfios...?

oh yeah, agus mura bhfuil sibh abalta na font seo a léamh i gceart, bainigí triall as unicode (UTF-8) mar encoding.