Thursday, September 21, 2006

ar ais....

is fada ó d'amharc mé ar mo bhlog féin! bhuel, ceapaim go bhfuil mé réidh chun tosú arís air, ach bhí orm na posts eile a chaitheamh amach. ní mise an duine céanna anois (agus níor chóir domh a bheith!) agus is tús nua atá ag teastáil uaim.

bhain sé "geit" asam nuair a chonaic mé gur fhág daoine comments ar mo bhlog. agus níor chreid mé go mbeadh an blog seo á léamh ag duine ar bith sa domhan! ar scor ar bith, go raibh maith agaibh as bhur gcuid teachtaireachtaí agus bhur gcuid molta.

lá deas báistiúil a bhí agam inniu. nuair a dhúisigh mé, chuala mé an báisteach ag titim...'s ag titim...ag damhsa go h-éadrom in aice leis an fhuinneog... agus bhí sé fuar...fuar mar mhaidin geimhridh. mar sin d'fhan mé sa leaba agus thosaigh mé ag staidéar istigh ansin ar feadh tamaill fhada....sin é a rá...go dtí go dtáinig ocras ormsa agus nach raibh an dara rogha agam ach mo thóin leisciúil a tharraingt amach as an leaba agus mo "bhricfeasta" a dhéanamh domh féin ag a 2 a chlog sa trathnóna.

lá báistiúil ciúin.

scar mise agus mo bhuachaill óna chéile cúpla seachtain ó shin agus tá mé fós getting used to an méid ama saor atá agamsa anois. bhí muid le chéile le níos mo ná bliain agus is am iontach a bhí ann, ach chuaigh sin thart, agus chun an fhírinne a rá, chuireann sé iontas orm go bhfuil mé chomh sásta is atá mé faoi láthair. gan strus, gan obligation, iontach saor agus neamhspleách... giota beag uaigneach b'fhéidir, ach sásta cinnte.

ar aon chaoi, beidh mise agus mo chara kyle, a scar óna bhuachaill féin an tseachtain seo caite, a' dhul amach oíche amárach chun leas a bhaint amach as ár neamhspleáchas nua... óiche on the prowl atá i gceist. déardaoin bíonn ceol ar dóigh ar siúl ag lick, bar leispiach...ach ar an oíche sin bíonn achan sórt duine ann...cailíní, leaids, aerach, straight...chuile shórt faoin spéir. chuala mé go bhfuil an-craic ann....fan go bhfeicfidh muid.

anois, tá sé ag éirí déanach...ceapaim gur chóir domh a dhul a luí. déanfaidh mé mo dhícheall post a scríobh anseo níos minice, ach cá bhfios...?

oh yeah, agus mura bhfuil sibh abalta na font seo a léamh i gceart, bainigí triall as unicode (UTF-8) mar encoding.

1 Comments:

Blogger mark bodah said...

ah, an saol nua atá os do chomhair! nach iontach duit! is maith is cuimhin liom an mothú, ach táim lán sásta le mo chailín alainn, Steph, faoi láithair. níl aon athrú i mo phleananna! bí cúramach, a Thaidhg, nach mbrisfear do chroí arís eile...

agus duirt tú liom go bhfás tú aníos i Springfield, MA, nach ea? bhuel, tá gach rud maith go leor anseo, seachas an corrphíosa drochnuacht anois is arís. tháinig na mic léinn ar ais cupla seachtaine ó shín, mar sin tá níos mó daoine ar a bheith ag féachaint anois!

Dala an scéal, is maith liom do stíl scríobhnoireacht. ana-nádúrtha, dar liom. cé fhad atá tú ag stáidéar ar na Gaeilge? an mbíonn tú ag ithe, ag ól, agus ag analú na Gaeilge mar a bhím féin? agus an bhfuil tú in ann caint ar an idirlín? le micreafón, atáim ag rá. tá cleachteadh cainte de dhíth orm go práinneach! (mo bhrón--an iomarca cheiste!)

cur ríomhphoist chugam am ar bith gur mhaith leat, a chara. tá mo sheoladh le fáil ar mo phrofíl Blogger. ba dheas caint leat uair éigin. slán agus tabhair aire duit féin! mark

7:02 AM  

Post a Comment

<< Home